Tuilleadh Eolais

Tá tuilleadh eolais maidir le ceithre cheantar an tionscadail le fáil ar an leathanach seo bunaithe ar an obair atá á déanamh ag foireann Thionscadal na nArdtailte Cois Cósta: Oidhreacht agus Turasóireacht (CUPHAT) i gcomhpháirt le pobail áitiúla, scoileanna agus grúpaí. Tá eolas mionsonraithe a bailíodh i rith ár gcuid oibre le fáil sna rannóga agus comhaid seo a leanas. Ba mhian linn aitheantas a thabhairt don tacaíocht a fuaireamar chun na hábhair seo a thiomsú agus buíochas a ghlacadh le gach duine a rinne teagmháil linn, a d’fhreastail ar imeachtaí agus a ghlac páirt. Tá tréaniarracht déanta againn an oiread eolais agus is féidir a chur ar fáil anseo ach má theastaíonn tuilleadh eolais uait nó má tá aon cheist agat déan teagmháil linn tríd an leathanach ‘Sonraí Teagmhála’.