Cúrsaí taistil
Anseo thíos gheobhaidh tú roinnt cúrsaí taistil ar féidir leat iad a thabhairt leat ar do chuairt chuig ár gceithre cheantar agus suíomhanna éagsúla. Tá dhá chineál cúrsa taistil againn, uainithe agus téamach.
Is éard atá i gceist le cúrsaí taistil uainithe ná cuairt le haghaidh lá amháin, trí lá agus/nó seacht lá. Tá gach ceann de na roghanna seo ar fáil le haghaidh gach ceantar.
Tá na cúrsaí taistil téamacha bunaithe ar ár gceithre réimse tionscadal, agus eagraithe de réir ceann dár gceithre théama – Geolaíocht agus Tírghnéithe, Bithéagsúlacht, Seandálaíocht agus Saol an Phobail.
Má chinneann tú cuairt a thabhairt ar na ceantair seo, ná déan dearmad go mb’fhéidir nach mbeidh an comhartha teileafóin agus na naisc sonraí go maith in áiteanna. Bí i do chuairteoir freagrach le do thoil, cinntigh do shábháilteacht féin trí do bhealaí a phleanáil agus tabhair aird ar an gCód Tuaithe i gcónaí. D’fhéadfadh an aimsir athrú go tapa sna ceantair seo. Caith éadaí agus coisbheart oiriúnach do na coinníollacha agus úsáid trealamh oiriúnach (e.g. léarscáileanna, compáis), go háirithe más ag triall ar shuíomhanna iargúlta atá tú.
Cuirtear na cúrsaí taistil seo ar fáil de mheon macánta mar threoir chun cabhrú leat cuairt a thabhairt ar na ceantair seo. Tá siad ceart agus é seo á scríobh, ach tá an fhaisnéis ar fad faoi réir athraithe. Ní féidir le hArdtailte Cois Cósta nó CUPHAT freagracht a ghlacadh as aon iarmhairt as eascraíonn as na cúrsaí taistil seo nó as aon earráid nó easnamh atá le fáil iontu. Níl Ardtailte Cois Cósta agus CUPHAT faoi dhliteanas ar bith nó freagrach ar shlí ar bith as aon ghortú nó caillteanas do dhaoine nó do réadmhaoin fad is atá na cúrsaí taistil seo in úsáid.