Ceantair Shléibhe Cois Cósta
Athnuachan | Taiscéalaíocht
Embark on a journey that matters. Explore the Coastal Uplands of Ireland and Wales. Admire awe-inspiring landscapes, unique flora and fauna, fascinating archaeology and local history, and vibrant local communities. Developed with local communities in the Blackstairs Mountains and Wicklow Mountains in Ireland, and the Cambrian Mountains and Mynydd Preseli in Wales, the Coastal Uplands offer a different tourist experience.
Is iomaí nasc atá idir na ceithre cheantar seo ón tréimhse réamhstaire ar aghaidh. Idir na próisis gheolaíocha a mhúnlaigh na tírdhreacha tosaigh, agus na próisis aeráide agus aimsire atá á n-athrú go leanúnach, tá tírghnéithe agus gnéithe éagsúla, ach cosúil lena chéile ag an am céanna, le fáil sna ceantair seo. Tá borradh faoi phlandaí agus ainmhithe ar leith anseo agus tá stair fhada d’imirce nádúrtha agus dhaonna speiceas araon idir na ceantair seo. Bhí na naisc seo á mbunú thar na céadta bliain de réir mar a bhí daoine ag dul anonn is anall thar Mhuir Éireann, agus bhí siad mar bhonn le hiarsmaí seandálaíocha cosúla ach go bhfuil difríochtaí réigiúnacha ar leith le tabhairt faoi deara. Tá cosúlachtaí idir ár dteangacha náisiúnta agus idir ár miotais agus finscéalta. Sa lá inniu ann, tá pobail bhríomhara ina gcónaí sna ceantair seo atá tuaithe den chuid is mó, ina bhfuil traidisiún láidir feirmeoireachta, pobail a bhfuil ardmheas acu ar an stair, oidhreacht agus traidisiún áitiúil. Is áiteanna bríomhara, gnóthacha iad ina bhfuil pobail éagsúla atá ag athrú agus ag forbairt go leanúnach.
Mar iarracht aird a dhíriú ar shaibhreas na hoidhreachta nádúrtha agus cultúrtha seo, dírítear anseo ar cheithre phríomhthéama: Geolaíocht & Tírghnéithe; Bithéagsúlacht; Seandálaíocht; agus Saol an Phobail.