Maidir le
Turasóireacht Athspreagthach sna hArdailte Cois Cósta
Forbartha i gcomhpháirt le hOllscoil Aberystwyth, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Iontaobhas Seandálaíochta Dyfed agus pobail áitiúla, cruthaíonn an tionscadal seo nasc idir ceithre phobal atá lonnaithe istigh faoi tír agus ar thalamh ard taobh le cósta Mhuir Éireann: na Sléibhte Caimbriacha, Mynydd Preseli, Sléibhte Chill Mhantáin agus na Staighrí Dubha. Is iomaí naisc idir na ceantair seo a théann siar go dtí an tréimhse réamhstaire. Sa lá inniu ann, is pobail tuaithe den chuid is mó atá ina gcónaí sna ceantair seo. Tá traidisiúin láidre feirmeoireachta acu agus tá pobail bhríomhara ina gcónaí iontu, agus tá stair agus oidhreacht shaibhir ar fáil duit le taiscéalaíocht a dhéanamh orthu. Tá cuireadh á thabhairt againn duit gan a bheith taobh le bheith i do thurasóir, ach smaoineamh ort féin mar ‘turasóir athspreagthach.’ Nuair a thugann tú cuairt ar na ceantair seo téigh chun teagmhála go gníomhach leis an bpobal áitiúil, glac páirt i dtaifeadadh agus i monatóireacht an fhiadhúlra agus na dtírdhreach, agus tacaigh le gníomhaíochtaí agus gnóthaí áitiúla!
Tá na hArdtailte Cois Cósta: Tionscadal Oidhreachta agus Turasóireachta (CUPHAT) á maoiniú ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) trí Chlár Comhair na hÉireann-na Breataine Bige. D’oibrigh comhpháirtithe an tionscadail le pobail éagsúla, páirtithe leasmhara áitiúla agus náisiúnta ón mBreatain Bheag agus Éireann chun gnéithe d’oidhreacht chultúrtha agus nádúrtha na gceantar seo a chuir ar na súile do thurasóirí. Táimid fíorbhuíoch de na maoinitheoirí, páirtithe leasmhara agus go háirithe do phobail áitiúla na Sléibhte Caimbriacha, Mynydd Preseli, Shléibhte Chill Mhantáin agus na Staighrí Dubha as tacú linn agus a dtoilteanas oibriú linn. Tá ar ár gcumas ‘Ardtailte Cois Cósta: Athbheoigh | Scrúdaigh’ a chur in bhur láthair mar thoradh ar an gcabhair a fuaireamar uathu
Tugtar léargas ar an suíomh gréasáin seo ar an líon mór suíomhanna éagsúla ar féidir cuairt a thabhairt orthu agus ar na rudaí atá le déanamh in Ardtailte Cois Cósta na hÉireann agus na Breataine Bige. Tá cúig shuíomh roghnaithe againn i ngach ceantar chun léargas a thabhairt ar oidhreacht shaibhir chultúrtha agus nádúrtha na gceantar seo, agus tá iarracht déanta againn aird a tharraingt ar na naisc idir oirdheisceart na hÉireann agus iarthar na Breataine Bige. Déantar ceithre théama a roghnú: Geolaíocht & Tírghnéithe, Bithéagsúlacht, Seandálaíocht agus Saol an Phobail. Tráth scríofa an doiciméid seo, níl aon táille le híoc chun cuairt a thabhairt ar fhormhór na suíomhanna atá liostaithe agus is furasta iad a rochtain. Níl cuid de na suíomhanna chomh inrochtana céanna nó tá siad faoi úinéireacht phríobháideach, agus i gcásanna den chineál sin, tá eolas ábhartha curtha ar fáil againn ina leith seo agus tá ábhar digiteach curtha ar fáil againn le freastail orthu siúd nach féidir leo cuairt a thabhairt ar na hionaid. Tá an t-eolas seo faoi réir athraithe. Molaimid duit a bheith i do chuairteoir freagrach i rith gach cuairte agus ag gach suíomh, agus a chinntiú go mbeidh tú sábháilte trí do bhealaí féin a phleanáil agus aird a thabhairt ar an gcód tuaithe.
Is é an aidhm atá leis an tionscadal seo ná turasóireacht oidhreachtbhunaithe athspreagtha a fhorbairt sna ceantair seo. Molaimid duit an oiread agus is féidir leat a dhéanamh chun cabhrú le agus tacú le pobail agus gnóthaí áitiúla i rith do chuairte.
Seo a leanas roinnt moltaí:
- Más féidir leat, fan sa cheantar áitiúil, ith do bhéile sa cheantar áitiúil agus déan do chuid siopadóireachta go háitiúil.
- Tá eolas le fáil ar na leathanaigh ‘Ceantair’ agus ‘Bí Páirteach’ faoin tslí is féidir leat páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí eolaíochta saoránaí fad is a bheidh tú sa cheantar. Cuireann na haipeanna nó suíomhanna gréasáin seo atá éasca le húsáid ar ár gcumas monatóireacht a dhéanamh ar thimpeallachtaí agus ar thírdhreacha áitiúla. Nílimid ag súil go n-éireoidh leat gach rud a dhéanamh, ach ba cheart iarracht a dhéanamh gníomhaíocht amháin ar a laghad a dhéanamh i rith do chuairte!
- Ar ár leathanach ‘Céard atá ar Siúl’ feicfidh tú gur oibrigh ár bhfoireann tionscadail CUPHAT le gnóthaí áitiúla, grúpaí pobail agus eagraíochtaí eile chun aird a tharraingt ar raon eispéireas barántúil, áitiúil a bhfuil sé mar aidhm leo ceiliúradh a dhéanamh ar oidhreacht nádúrtha agus chultúrtha uathúil na bpobal sléibhe seo. Is fiú duit roinnt ama a chur i leataobh chun ceann de na gníomhaíochtaí seo a dhéanamh fad is atá tú sa cheantar.